Coinníollacha Pleanála a Fhorfheidhmiú agus Forbairtí neamhúdaraithe a rialú

  • Déanann ár nOifigeach Forfheidhmithe Pleanála gearáin maidir le forbairtí neamhúdaraithe a fhiosrú.
  • Tá an t-údarás ag an gComhairle gearáin a leanúint a bhaineann le neamhchomhlíonadh cead pleanála agus forbairtí neamhúdaraithe.
  • Tá an t-údarás ag an gComhairle imeachtaí dlí a thionscnamh i gcásanna mar sin agus in aon chás ina dteipeann ar fhorbairtí i gcoitinne cloí le coinníollacha pleanála.
  • Áirítear an fhoráil reachtaíochta um fhorfheidhmiú i gCuid XIII – Ailt 151-164 de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000-2019.
  • Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 – chun críocha na hAchta seo, is cuid de thaifid na Comhairle iad gearáin maidir le forbairt neamhúdaraithe.
  • Féachfaidh an Chomhairle le haon ghearán a thugtar i modh rúin agus de mheon macánta, a choinneáil faoi rún.
  • Ní féidir leis an gComhairle, áfach, dearbhú iomlán a thabhairt ina thaobh seo, toisc gur féidir le hiarratasóirí achomharc a dhéanamh chun Oifig An Choimisinéara Faisnéise maidir le haon iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Foirm Ghearáin um Fhorfheidhmiú Pleanála